Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection
Permanent URI for this collection
For more information, please visit the official website.
Browse
Browsing Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection by Title
Now showing 1 - 20 of 55
Results Per Page
Sort Options
- PublicationAg tógaint ar chlocha mullaigh na litríochtaPléisiúr ó chroí agus ónóir phearsanta domsa is ea é an t-úrscéal is déanaí le Darach Ó Scolaí, Na Comharthaí, a lainseáil anseo anocht. Féadaim a dheimhniú go bhfuil arís seod eile litríochta curtha ar fáil ag an bhfear ildánach seoa rug an chraobh leis sa bhliain 2007 nuair a bhuaigh sé duais Oireachtais don gcéad úrscéalaige An Cléireach. Tá a fhios san agaibh ar fad gan dabht, agus tá a fhios agaibh chomh maith go bhfuil i measc na saothar eile próis againn uaidh Feis Tigh Chonáin (2000) agus An Ceithearnach Caolriabhach(2002). A i thinsintí is ea iad seo ar Feis Tighe Chonáin Chinn tSléibheagus Eachtra an Cheithearnaigh Chaoi lriabhaigh, dhá scéal próis a bhaineann le genre na scéalta rómánsaíochta Gaeilge agus atá tagtha anuas chugainn i lámhscríbhinní ón seachtú, ón ochtú agus ón naoú céad déag in Éirinn agus in Albain. Ag cuimhneamh dúinn, mar sin,ar an méid sin ar fad, leabhar na hoíche anocht san áireamh, ba mhaith liomsa aitheantas a thabhairt don tuiscint shoiléir ón taobh istigh agus don mbreithiúnas meáite, údarásach, dá réir, atá ag Darach Ó Scolaí ar phrós comhaimseartha na Gaeilge. Go deimhin, ní miste liom tagairt don áiteamh stuama a dhein sé le déanaí ar Tuairisc.ie. Thagair Darach ansan, mar shampla, don bhfreagracht as próiseas na foilsitheoireachta is ceart d’Oireachtas na Gaeilge a thuiscint.
227 - PublicationAistriúcháin ó Chorcaigh i lámhscríbhinní déanacha na GaeilgeÁirítear an t-aistriúchán, mar genre, a bheith ina chuid thábhachtach de chorpus litríochta na Gaeilge fén deichiú aois. Bailíodh, oiriúnaíodh agus cuireadh le chéile abhar agus téamaí nua ó fhoinsí clasaiceacha sa tréimhse go dtí san agus do tháinig bláthú mór ar an obair seo anall go dtí an dara aois déag. Freagraíonn an fuadar chun aistriúcháin a chur ar fáil don fhorás a tháinig ar an dteangain féin nuair a tháinig an Mheán-Ghaeilge (900-1200 AD) chun cinn; agus léiríonn sé, leis, literati na linne sin a bheith ag luí amach ar a dteangain dhúchais a úsáid mar mheán scríte. Deineadh mórchuid cuimsitheoireachta agus mórán múnlála ar abhar ón Laidean i gcás saothrú ar bheathaí na naomh, ar phrós agus ar fhilíocht eaglasta trí chéile, mar shampla, I gcás na scéalaíochta agus na filíochta, i gcás théacsaí dlí agus i gcás na staireaghrafaíochta Áirítear, ina theannta san, an tréimhse ón gceathrú aois déag go dtí an séú aois déag mar thréimhse ina raibh tionchar Mhór-Roinn na hEorpa go láidir le rianadh in aistriúcháin go Gaeilge ar abhar leighis agus ar abhar fealsúnachta, ar an naomhsheanchas agus ar théacsaí cráifeacha, ar abhar eolaíochta agus ar an scéalaíocht. Ní hamháin gur lean tionchar na litríochta clasaicí ar shaothair na NuaGhaeilgeMoiche ach do bhí chomh maith, aistriúcháin agus cuimsitheoireacht á ndéanamh ar abhar ó litríocht na Fraincise agus ó litríocht an Mheán-Bhéarla.
166 - PublicationAnnála Inse Faithleann an ochtú céad déag agus cath Chluain TarbhCuid thábhachtach de shaothrú léann na Gaeilge san ochtú céad déag ab ea é abhar staire dúchais a theaglamú agus a thabhairt le chéile: ba chás leis an lucht léinn ag an am, idir scríbhneoirí agus léitheoirí, an staireagrafaíocht féin. Níorbh ionadh san, gan dabht, toisc ceist an aitheantais agus tuiscintí i leith an chultúir Ghaelaigh a bheith ag athrú de réir a chéile in Éirinn san am úd. Fairis sin, bhí tábhacht nach beag ag gluaiseacht na hársaíochta agus ag an athrú dá réir a chuaigh ar phátrúntacht na scríobhaithe dúchais Ghaeilge san ochtú céad déag. Bhí bonn leagtha cheana féin fé athinsint na staire sa tseachtú haois déag san Eoraip trí chéile, gan amhras, nuair a tháinig tuiscintí nua ar an stair agus ar an staireagrafaíocht. Cuimhnímid i gcás na hÉireann, mar shampla, ar an bhflosc chun taifeadta a thaispeáin Míchéal Ó Cléirigh agus a chomh-Phróinséiseánaigh idir na blianta 1632 agus 1636 gurbh é Annála Ríoghachta Éireann a thoradh san; nó fós ar Foras Feasa ar Éirinn Shéathrúin Chéitinn a mheas (fé mar a áitimh sé féin sa réamhrá ansúd) ‘ná’r bh’oircheas comhonóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d’ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra’.
34 - PublicationAthfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an FheiritéaraighI measc na lámhscríbhinní Gaeilge atá ar buanchoimeád i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá naoi gcinn déag ar fhichid in aon bhailiúchán amháin ar a dtugtar Bailiúchán an Fheiritéaraigh. I gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, atá an bailiúchán seo ainmnithe, scoláire Gaeilge agus gníomhaí láir i gConradh na Talún ina cheantar dúchais idir na blianta 1885 agus 1891. Ó fhianaise a chuid lámhscríbhinní, d’fhógair sé go raibh sé ‘ag fágaint’ Chorca Dhuibhne ar 5 Eanair, 1895, agus i dtreo dheireadh na míosa céanna chuaigh sé an cuan amach go Meiriceá ar bord an Cephalonia, stéiméir a thóg comhlacht an Cunard in ochtóidí groda an naoú céad déag chun imircigh a iompar go Boston ó Learpholl agus ó Chóbh Chorcaí (Queenstown san am úd, dar ndóigh). Fé 9 Márta, 1895, bhí Massachusetts bainte amach aige agus é lonnaithe i gcathair Quincy. Is eol ó cholafain agus ó nótaí éagsúla a ghabhann lena chuid oibre i Meiriceá ina dhiaidh sin go raibh sé lonnaithe i Chelsea anuas go dtí 1902. Bhí sé lonnaithe i Nua Eabhrac fén mbliain 1904 agus de réir dhaonáireamh an stáit úd don mbliain 1905 bhí sé ina lóistéir i Manhattan ag ‘Charles O Farrell’, Éireannach, 45 bliain d’aois. I gcathair Nua Eabhrac a chaith sé formhór a shaoil go dtí 1923. Ón uair go raibh teipthe ar an tsláinte aige le bliain fén am san, thug mac dearthár leis, Mícheál Feiritéar, a uncail go dtí a áit chónaithe, Chicago. Is ansan a cailleadh Pádraig ar 21 Iúil, 1924. Cuireadh dhá lá ina dhiaidh sin i reilg Mount Carmel é, agus Proof Reading Printing a luadh mar shlí bheatha leis ar a theastas báis.
193 - PublicationThe battle of Clontarf in later Irish traditionIn considering the battle of Clontarf in later Irish tradition, an obvious starting point is a tale known as CCT which, according to the present writer, was one of the most popular Irish prose texts to have come down to us in eighteenth- and nineteenth-century Irish manuscripts. Its popularity may be ascribed in part to two reasons. First, at the heart of the tale’s message is the fact that the battle of Clontarf amounted to Brian Bóraimhe’s victory over centuries of foreign heathen oppression, a message which, as will emerge below, appealed to Irish scribes. Second, rather than being a laconic record of events, CCT presents the historical battle as a story in which ‘heroes shine and villains play their sinister parts and dramatic incidents are invented or exaggerated for the benefit of the reading public’. These two reasons are not exceptional to this prose tale, of course, as the same could be said (and indeed has been said) about the earliest literary account we have in Irish concerning the battle, that in the early-twelfth century Irish text CGG. Many of the plot details in the Modern Irish story, in fact, ultimately derive from those forming part of the account of the battle in the latter Middle Irish text.
451 - PublicationThe battle of Clontarf story and Gortnaclea(2014-11)One of the most popular texts among eighteenth- and nineteenth-century scribes in Ireland is a literary re-enactment of the historical battle at Clontarf in 1014 called Cath Cluana Tarbh (hereafter CCT). To its eighty-nine extant manuscript sources described in my recent edition of the text, one more is now to be added which came to light in 2012 and was subsequently purchased by the Royal Irish Academy where it is now preserved as MS 12 K 50. There are two principal reasons for the popularity of CCT: firstly, at the heart of its message is the fact that the battle itself amounted to Brian Bóraimhe’s victory over centuries of Viking heathen oppression in Ireland; secondly, rather than being a record of events, the historical battle at Clontarf in 1014 is presented as a story in which ‘heroes shine and villains play their sinister parts and dramatic incidents are invented or exaggerated for the benefit of the reading public’. These two reasons are not exceptional in the case of CCT, of course, as the same holds true for the earliest literary account we have in Irish concerning the battle of Clontarf, namely that in the early-twelfth century Irish text known as Cogadh Gáedhel re Gallaibh (hereafter CGG) or the ‘War of the Gaels against [lit. ‘with’] the Foreigners’.
144 - PublicationBéarrach fir ag caint ar imeall na litríochtaGearrchuntas ar shaol Phádraig Uí Laoghaire (1870–1896), scoláire Gaeilge ó leithinis Bhéarra, is ábhar don aiste seo. Ina theannta san, pléitear cuid dá shaothar atá tagtha anuas chugainn, ina measc an leabhar is mó cáil uaidh, Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.), a tháinig amach in 1895. Tiocfaidh staidéar níos cuimsithí ar an bhfear féin agus ar a shaothar amach in Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula, a fhoilseoidh Cumann Staire Bhéarra go luath. --- A brief account of the life of Pádraig Uí Laoghaire (1870–1896), a scholar of Irish from the Béarra peninsula, is the subject of this essay. In addition, some of his works that have come down to us are discussed, including his most famous book, The Story of Munster, which came out in 1895. A more comprehensive study of the man himself and his work will be published in Meidhbín Ní Úrdail, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula, published by Cumann Storye Bear soon.
66 - PublicationBrian Merriman: guth aonair?Is beag eolas cinnte atá inniu againn i dtaobh Bhriain Merriman. Is eol gur cailleadh é ar 27 Iúil 1805 i gcathair Luimní mar ar chaith sé tréimhse ama ag obair mar mhúinteoir matamaitice. Is i bhfógra báis san General Advertiser and Limerick Gazette agus san Clare Journal, Dé Luain, 29 Iúil 1805, a tugadh an t-eolas: ‘Died on Saturday morning in Old Clare Street, after a few hours of illness, Mr Bryan Merryman, teacher of Mathematics etc.’, agus foilsíodh fógra dá shórt i mBaile Átha Cliath san Hibernian Magazine agus san Dublin Journal i mí Lúnasa 1805. Ina theannta san, feirmeoir fuinte lín ab ea Merriman mar gur bronnadh dhá thuirne lín air ar son an fhómhair a bhain sé sa bhliain 1796.
269 - PublicationCiarán Ó Con Cheanainn 1981-2009Cailleadh Ciarán Ó Con Cheanainn agus é i mbláth na hóige ar 3 Feabhra 2009. Amhránaí cruthanta sean-nóis ab ea é a raibh cáil fé leith bainte amach aige sa bhaile agus i gcéin. Nocht bua an cheoil go luath ina shaol nuair a bhuaigh sé Duais Phléaráca na Bliana 1995 agus Duais Fhleadh Cheoil na hÉireann an bhliain chéanna. Ní raibh séach sna déaga óga ag an am, ach ba léir go raibh mórán le teacht ón amhránaí breá seannóis seo. Lean sé den amhránaíocht, ag foghlaim agus ag forbairt a cheirde sna ranganna sean-nóis i gColáiste Lurgan, Indreabhán, faoi stiúir Mháire Pheter Uí Dhroighneáin. Go grod ina dhiaidh sin, thosnaigh na gradaim ag teacht ina threo.
72 - PublicationCion an éigisTosnód ar dtúis leis an méid seo mar gheall ar Mháirtín Ó Direáin (1910-1988) a d’áitimh Frank O’Brien ina shaothar Filíocht Ghaeilge na Linne Seo: Is féidir file de réir seanchais a ghairm do Ó Direáin sa mhéid go bhfuil filíocht scríofa aige (seachas mar atá scríofa ag na filí eile) a dhéanann trácht ar na dualgais atá ar Ghaeil dá chéile amhail mar a rinne go leor de na filí Gaeilge a chuaigh roimhe (de ghnáth níl an téama seo ceangailte aige le heachtraí stairiúla faoi leith). Má tá go maith ós cionn dhá scór bliain ó shin ann ó scríobhadh an méid sin, agus má ghabhann fós cuid éigin den nginearáltacht leis mar ráiteas, is í an chuid de a nascann an Direánach le ‘go leor de na filí Gaeilge a chuaigh roimhe’ is suim liomsa anseo. Anois, ní hamhlaidh atáim á rá gur mhian leis aithris a dhéanamh orthu siúd a chuaigh roimis — fada uaidh!
145 - PublicationCnósach luachmhar seanráite as lámhscríbhinn Feiritéar 1Tá bailiúchán de naoi gcinn déag ar fhichid de lámhscríbhinní Gaeilge ar buanchoimeád inniu i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bailiúchán an Fheiritéaraigh a tugtar air seo, i gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, a chuaigh an cuan amach ar imirce go Meiriceá ar bord an Cephalonia i dtreo dheireadh Eanair 1895 agus a cailleadh i Chicago ar 21 Iúil 1924.1 Thug an Feiritéarach leis ó Éirinn a raibh ina sheilbh cheana féin de lámhscríbhinní aige agus chuir sé lena chnósach thall, ag leanúint leis de bheith ag breacadh téacsaí agus ag bailiú a thuilleadh eile fós ó imircigh éagsúla a thug lámhscríbhinní leo go dtí an Domhan Nua. Bhí sé socair aige sarar cailleadh é go mbronnfaí a chuid lámhscríbhinní ar Ollscoil na hÉireann mar chomhartha buíochais agus ómóis as cinneadh Sheanad na hOllscoile go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa Mháithreánach — stádas a tugadh di sa bhliain 1913. Tharla sé sin a bhuíochas ar Dhubhghlas de hÍde, Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua- Ghaeilge i gColáiste Bhaile Átha Cliath (1909–32), a chuir rún fé bhráid an tSeanaid á mholadh san. Bhí sé mar choinníoll ag fear Iarthar Duibhneach, dá réir, gurbh I gColáiste Bhaile Átha Cliath a bheadh a chuid lámhscríbhinní ar sábháil.
207 - PublicationA Cork scribe in Victorian LondonThomas O’Connor (b. 1798), originally from the civil parish of Templemolaga, Co. Cork, emigrated to London in 1820 where he worked as a tailor until his death around 1870. The evidence in extant Irish manuscripts suggests that he had already begun working as a scribe in his native homeplace, but that this role progressed significantly during his years in the Victorian city. His scribal material (in Irish and in English) provides an intriguing insight into a native man of letters who appears to have integrated himself into his host society, while at the same time preserving a distinctive Irish identity. Moreover, his fascinating collection of correspondence in English reveals a man with informed views about the language and literature of his native country. And, in his thirty or so poetic compositions, personal vignettes come to the fore as well as a great admiration for the Young Ireland movement and, in particular, for William Smith O’Brien, the fairhaired boy (an buachaill bán).
483Scopus© Citations 1 - PublicationDán ar Mhurchadh mac Briain Bhóraimhe agus Ríoghain Átha CliathCuirtear eagar anso ar dhán ná fuil ach leagan lámhscríbhinne amháin de ar marthain in Egerton 155 (E). Dánta ón dtréimhse iarchlasaiceach a bhaineann le Cúige Uladh agus Oirghialla is abhar don lámhscríbhinn seo a scríbh Fearghal Ó Raghallaigh idir na blianta 1790 agus 1796.2 Is ón scríobhaí céanna a tháinig LS 26 i leabharlann King’s Inns, a críochnaíodh i 1793.3 Bíodh is ná tugann Ó Raghallaigh aon log scríbhte sa dá lámhscríbhinn seo, tá na cuntaisí orthu sna catalóga ar aon fhocal gur dócha gur de bhunadh Ultach nó de bhunadh thuaisceart Laighean é. Go deimhin, tá sé áitithe go mb’fhéidir gurb ionann iad Fearghal Ó Raghallaigh agus Farrel O Reilly, Easpag caitliceach na Cille Móire (1806-29), a rugadh i bparóiste Chill Mhaighneann ar an dteorainn idir an Mhí agus an Cabhán.4 Más beag féin é an teolas ar chúlra scríobhaí E, is féidir a mheas ar a shon san, ar fhianaise na teangan féin (a scrúdaítear níos mine anso thíos), gur i nGaeilge Uladh a scríbh sé.
329 - PublicationDán atá luaite le hEoghan Rua Ó SúilleabháinCuirtear eagar anso ar aiste filíochta dar tús Ar dhrúcht na maidne is me ag taisteal go rómhoch.Is í an tagairt is luaithe atá agam di ná a ndúirt an scoláire Gaeilge Seán Ó Dálaigh mar gheall ar chúis a cumtha ina chuntas ar Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748- 84) in Reliques of Irish Jacobite Poetry sa bhliain 1844: "It is recorded that Eóghan Ruadh committed his first sin of rhyme, while a bareskinned stripling, at the school of one of these hunted men, whom the severity of the penal code drove for shelter to the fastnesses of Kerry, to teach Greek to cowboys. Owen was mitching all day, and, as he entered the hedge-seminary long after the prescribed time, the master was about to proceed with the process of "hoisting" Owen, when the truant begged and obtained one hour to render an account of the peccadilloes of the day, — it was then that the embryo poet produced a lyric in a fanciful dialogue between two married ladies, in which each is made to detail, with much dramatic effect, the failings of her spouse, and the various events to which matrimony links the wife, who would fain move with her yoke-fellow in freer harness."
100 - PublicationDán teagascach dar tús "A dhuine, cuimhnigh ar do chríochaibh déanacha"Tá fáil ar dhán teagascach dar tús ‘A dhuine, cuímhnigh ar do chríochaibh déidheancha’ in isteach is amach le cheithre scór lámhscríbhinn de chuid an ochtú agus an naoú céad déag. Tá, leis, ar a laghad dhá aistriúchán Bhéarla tagtha anuas ón tréimhse chéanna scripte. Is léir, mar sin, go raibh an-éileamh ar an dán féin i measc scríobhaithe in Éirinn san am úd. Chífear thíos gur i meadaracht an chaointe atá sé cumtha, ach má tá, ní roinntear é i strófa ceathairlíneacha tríd síos sna lámhscríbhinní: riaradh neamhstrófach atá le fáil i bhfoinsí áirithe, foinsí luatha áirithe ina measc, agus éagsúlacht iontu san i líon iomlán na línte (ó idir c.240 agus c.280 líne). Nuair a cloítear leis an bhfoirm cheathairlíneach, tá éagsúlacht le sonrú anseo chomh maith sna lámhscríbhinní maidir le líon na véarsaí, ach gur idir trí fichid agus deich is trí fichid véarsa an gnás a bheag nó a mhór.
363 - PublicationDán teagascach dar tús "A dhuine, cuímhnigh ar do chríochaibh déidheanacha"A didactic poem beginning 'O man, think about your divine ends' is available in around eighty manuscripts from the eighteenth and nineteenth centuries. In addition, at least two English translations have come down from the same script period. It is clear, therefore, that the poem itself was in great demand among writers in Ireland at that time. It will be seen below that it is composed in the meter of the lament, but if it is, it is not divided into four-line stanzas throughout the manuscripts: a non-strophic arrangement that can be found in some sources, some early sources among them, and a variation in the total number of lines (from between c.240 and c.280 lines). When the four-line form is adhered to, there is also variation in the manuscripts regarding the number of verses, but the norm is between twenty and ten to twenty-three verses more or less.
35 - PublicationDichter der nachklassischen Zeit Irlands und ihre VisionVisionsliteratur ist in Irland seit der altirischen Periode bekannt, und Prosa-Texte wie Baile Chuinn Chétchathaig, ‘Die Raserei von Conn der hundert Kriege’, Baile in Scáil, ‘Die Raserei des Scál’, und Aislinge Óengusso, ‘Der Traum von Óengus’, sind die frühesten Belege dieser literarischen Gattung in irischer Sprache. Visionsliteratur bezieht sich in diesem Beitrag jedoch auf die Aisling oder ‘Visionsdichtung’, deren Ursprung im 17. und im 18. Jh. liegt. In der typischen Eröffnungsszene dieser Dichtung begegnet der Dichter, der sich alleine befindet, einer schönen Frau, die Irland verkörpert. Von ihr wird die Wiederherstellung einer alten Ordnung vorhergesagt. Diese ist also eine Dichtung, die eine bestimmte zeitgenössische politische Botschaft vermittelt.
164 - PublicationEin irisches Schmähgedicht aus dem 19. JahrhundertThis paper presents a critical edition of a poem beginning A lucht iúil n Mumhan maorga which, according to its accompanying heading, was composed by Peadar (Peattair) Ó Longáin (b. 1801) from Cork. Only one copy appears to have survived, i.e. that in RIA MS 941 (23 C 10). The poem’s sardonic tone is reminiscent of the seventeenth-century anonymous prose composition Pairlement Chloinne Tomáis, or ‘TheParliament of Clann Tomáis’,and it echoes a continuing underlying theme in the latter work, i.e. the downfall of the native mandarin class and a concomitant loss of native learning. The object of the poet’s scathing tongue is identified in line twenty-eight as Ribeart an méirleach, or ‘Robert the villain’, a representative of a boorish peasant class who slavishly apes an English-orientated gentry.
177 - PublicationAn elegy on the death of Fr Nicholas SheehyThe subject of the elegy below, Fr Nicholas Sheehy (Nioclás Mac Síthigh), was found guilty of murder at a trial in Clonmel, County Tipperary, and was hanged, drawn and quartered on 15 March 1766. The inscription on the memorial tomb marking his grave,which is still visible today in Shanrahan cemetary outside Clogheenin south Tipperary, states that the priest was thirty-eight years of age at the time of his death. He was thus born in 1728 or 1729, and his birth place, although not definitive, appears to have been at Fethard, County Tipperary. He descended from prominent, well-to-do Catholic families, his paternal forebears being the Mac Sheehys of Drumcollogher, County Limerick, while those on his maternal side were the Powers of Bawnfoun, County Waterford. A cousin, Edmund (‘Buck’) Sheehy, was a Catholic landowner on the Butler (Cahir) estate who, incidentally, was himself convicted of murder and executed on 3 May 1766.
640 - PublicationForas Feasa ar Éirinn: establishing a literary canonGeoffrey Keating's Foras Feasa ar Éirinn (FFÉ), or the ‘Basis of Knowledge about Ireland’, is an account of the history of Ireland which is divided into two books, the first detailing events from the beginning of time down to the coming of Christianity to Ireland, and the second continuing down to the twelfth-century Norman Invasion. There follows a collection of genealogies of major Irish families (both native and of Old English stock) as well as tables of synchronisms from the Flood to the early years of the seventeenth century. The original source has not survived nor do we have an exact date of compilation for the work, although internal textual evidence points to a terminus post quem of 1633: in that year Sir James Ware published Two histories of Ireland which included Edmund Spenser’s A view of the state of Ireland and Meredith Hanmer’s Chronicle of Ireland, two of a number of authors which Keating cites in the introduction to FFÉ. In addition, we may note that the work must have been completed by 1635 because the Tipperary scribe Michael Kearney embarked on an English translation of FFÉ in that year.
213
- «
- 1 (current)
- 2
- 3
- »