Options
Athfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh
Author(s)
Date Issued
2019-09-20
Date Available
2020-07-10T09:01:14Z
Abstract
I measc na lámhscríbhinní Gaeilge atá ar buanchoimeád i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá naoi gcinn déag ar fhichid in aon bhailiúchán amháin ar a dtugtar Bailiúchán an Fheiritéaraigh. I gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, atá an bailiúchán seo ainmnithe, scoláire Gaeilge agus gníomhaí láir i gConradh na Talún ina cheantar dúchais idir na blianta 1885 agus 1891. Ó fhianaise a chuid lámhscríbhinní, d’fhógair sé go raibh sé ‘ag fágaint’ Chorca Dhuibhne ar 5 Eanair, 1895, agus i dtreo dheireadh na míosa céanna chuaigh sé an cuan amach go Meiriceá ar bord an Cephalonia, stéiméir a thóg comhlacht an Cunard in ochtóidí groda an naoú céad déag chun imircigh a iompar go Boston ó Learpholl agus ó Chóbh Chorcaí (Queenstown san am úd, dar ndóigh). Fé 9 Márta, 1895, bhí Massachusetts bainte amach aige agus é lonnaithe i gcathair Quincy. Is eol ó cholafain agus ó nótaí éagsúla a ghabhann lena chuid oibre i Meiriceá ina dhiaidh sin go raibh sé lonnaithe i Chelsea anuas go dtí 1902. Bhí sé lonnaithe i Nua Eabhrac fén mbliain 1904 agus de réir dhaonáireamh an stáit úd don mbliain 1905 bhí sé ina lóistéir i Manhattan ag ‘Charles O Farrell’, Éireannach, 45 bliain d’aois. I gcathair Nua Eabhrac a chaith sé formhór a shaoil go dtí 1923. Ón uair go raibh teipthe ar an tsláinte aige le bliain fén am san, thug mac dearthár leis, Mícheál Feiritéar, a uncail go dtí a áit chónaithe, Chicago. Is ansan a cailleadh Pádraig ar 21 Iúil, 1924. Cuireadh dhá lá ina dhiaidh sin i reilg Mount Carmel é, agus Proof Reading Printing a luadh mar shlí bheatha leis ar a theastas báis.
Type of Material
Journal Article
Publisher
National University of Ireland
Journal
Éigse: a Journal of Irish Studies
Volume
40
Start Page
186
End Page
206
Language
Irish
Status of Item
Peer reviewed
ISSN
0013-2608
This item is made available under a Creative Commons License
File(s)
Loading...
Name
LSÍ_Feiritéar.pdf
Size
244.33 KB
Format
Adobe PDF
Checksum (MD5)
4c743ff057e24d12c713d46fbd425e04
Owning collection