Options
An Triail le Mairéad Ní Ghráda
Author(s)
Date Issued
1999-05
Date Available
2019-04-04T08:26:17Z
Abstract
Is minic ráite é gur bhliain thábhachtach í an bhliain 1939 i stair na nualitríochta Gaeilge. Labhair Breandán Ó Doibhlin ar “a new up surge of creative writing [which] coincided more or less with the outbreak of the Second World War”, mar shampla, agus tá sé ráite ag Seán Ó Tuama gur sa bhliain “sin a thosaigh forbairt na nualitríochta”. Is sa bhliain chéanna sin leis a athbhunaíodh an tOireachtas; tugadh thar n-ais do scríbhneoirí na Gaeilge an forum fé leith a bhíodh ann chun a saothar a chur os comhair a bpobal éisteachta agus a bpobal léitheoireachta. Agus is go fonnmhar a chuaigh scríbhneoirí Gaeilge i mbun pinn ag cumadh filíochta, ag saothrú próis agus ag forbairt na drámaíochta –ní gá dhom é seo a áiteamh oraibh-se, na múinteoirí, a bhíonn ag plé le mórán den abhar so in bhúr gcúrsaí meánscoile, idir chúrsaí sinsearacha agus chúrsaí sóisearacha.
Type of Material
Journal Article
Publisher
Foras na Gaeilge
Journal
Feasta
Volume
52
Issue
5
Start Page
11
End Page
14
Language
Irish
Status of Item
Not peer reviewed
This item is made available under a Creative Commons License
File(s)
Loading...
Name
TRIAIL.pdf
Size
111.93 KB
Format
Adobe PDF
Checksum (MD5)
8f047ca8ed7601640434bdc0c3d2097b
Owning collection