Options
Saothrú na Gaeilge san Eoraip: fianaise ón Meánaois
Author(s)
Date Issued
2018-12-12
Date Available
2019-04-04T12:13:56Z
Abstract
Bhí litríocht na Gaeilge á saothrú riamh anall i gcomhthéacsanna éagsúla lasmuigh d’oileán na hÉireann. Ní fearr mar léiriú ar an méid sin ‘Seanmóin Cambrai’, ceann d’fhoinsí scríofa is luaithe na Sean-Ghaeilge Moiche (c.600–700) agus an téacs seanmóna is luaithe atá tagtha anuas chugainn. I gcathair Cambrai i dtuaisceart na Fraince atá sé seo ar coimeád inniu, i lámhscríbhinn meamraim san Bibliothèque Municipale (LS 679, fóiliónna 37r–38r), agus tháinig sé chun solais i gcéad uair I saothar iomriteach Johann Kaspar Zeuss Grammatica Celtica (1853). Bíodh is go bhfuil an téacs neamhiomlán, tá eolas an-luachmhar le fáil ann ar an tSean-Ghaeilge mar theanga scríofa. Maidir le bunaidhm an údair anaithnid, is é is dóichí ná gur chuir sé a théacs le chéile i gcomhair ócáid liotúirgeach éigin in ómós do mhairtírigh na hEaglaise. Cúig thagairt ón Tiomna Nua a leagann bonn tábhachtach na seanmóna féin: aon cheann amháin ó Shoiscéal Mhatha (‘Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé’, Mth. 16:24) agus ceithre thagairt ó eipistilí Phóil.
Type of Material
Journal Article
Publisher
Comhar
Journal
Comhar
Volume
78
Issue
12
Web versions
Language
English
Status of Item
Peer reviewed
This item is made available under a Creative Commons License
File(s)
Loading...
Name
Comhar_Nollaig_2018.pdf
Size
120.93 KB
Format
Adobe PDF
Checksum (MD5)
037370ad7ae18c9ad8b364e4e01adb6d
Owning collection