Athfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh

Files in This Item:
File Description SizeFormat 
LSÍ_Feiritéar.pdf244.33 kBAdobe PDFDownload
Title: Athfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh
Authors: Ní Úrdail, Meidhbhín
Permanent link: http://hdl.handle.net/10197/11419
Date: 20-Sep-2019
Online since: 2020-07-10T09:01:14Z
Abstract: I measc na lámhscríbhinní Gaeilge atá ar buanchoimeád i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá naoi gcinn déag ar fhichid in aon bhailiúchán amháin ar a dtugtar Bailiúchán an Fheiritéaraigh. I gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, atá an bailiúchán seo ainmnithe, scoláire Gaeilge agus gníomhaí láir i gConradh na Talún ina cheantar dúchais idir na blianta 1885 agus 1891. Ó fhianaise a chuid lámhscríbhinní, d’fhógair sé go raibh sé ‘ag fágaint’ Chorca Dhuibhne ar 5 Eanair, 1895, agus i dtreo dheireadh na míosa céanna chuaigh sé an cuan amach go Meiriceá ar bord an Cephalonia, stéiméir a thóg comhlacht an Cunard in ochtóidí groda an naoú céad déag chun imircigh a iompar go Boston ó Learpholl agus ó Chóbh Chorcaí (Queenstown san am úd, dar ndóigh). Fé 9 Márta, 1895, bhí Massachusetts bainte amach aige agus é lonnaithe i gcathair Quincy. Is eol ó cholafain agus ó nótaí éagsúla a ghabhann lena chuid oibre i Meiriceá ina dhiaidh sin go raibh sé lonnaithe i Chelsea anuas go dtí 1902. Bhí sé lonnaithe i Nua Eabhrac fén mbliain 1904 agus de réir dhaonáireamh an stáit úd don mbliain 1905 bhí sé ina lóistéir i Manhattan ag ‘Charles O Farrell’, Éireannach, 45 bliain d’aois. I gcathair Nua Eabhrac a chaith sé formhór a shaoil go dtí 1923. Ón uair go raibh teipthe ar an tsláinte aige le bliain fén am san, thug mac dearthár leis, Mícheál Feiritéar, a uncail go dtí a áit chónaithe, Chicago. Is ansan a cailleadh Pádraig ar 21 Iúil, 1924. Cuireadh dhá lá ina dhiaidh sin i reilg Mount Carmel é, agus Proof Reading Printing a luadh mar shlí bheatha leis ar a theastas báis.
Type of material: Journal Article
Publisher: National University of Ireland
Journal: Éigse: a Journal of Irish Studies
Volume: 40
Start page: 186
End page: 206
Keywords: Irish manuscripts19th CenturyUniversity College Dublin LibraryEmmigration
Other versions: http://www.nui.ie/eigse/volumes/vol40/vol40contents.html
Language: ga
Status of Item: Peer reviewed
Appears in Collections:Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection

Show full item record

Page view(s)

195
Last Week
5
Last month
35
checked on Sep 22, 2020

Download(s)

8
checked on Sep 22, 2020

Google ScholarTM

Check


This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. For other possible restrictions on use please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.