Pádraig Mac a Liondain: bard bhí i stát ins an chrích seo
Files in This Item:
File | Description | Size | Format | |
---|---|---|---|---|
Mac_a_Liondain.pdf | 286.99 kB | Adobe PDF | Download |
Title: | Pádraig Mac a Liondain: bard bhí i stát ins an chrích seo | Authors: | Ní Úrdail, Meidhbhín | Permanent link: | http://hdl.handle.net/10197/9607 | Date: | 1-Aug-2018 | Online since: | 2019-02-07T12:43:16Z | Abstract: | Ó cheantar an Fheadha i ndeisceart Ard Mhacha don bhfile Pádraig Mac a Liondain. Is féidir dataí a bheatha a bheachtú a bhuíochas ar fhile eile ón Fheadh a bhí comhaimseartha leis, Fearghas Mac an Bheatha (fl. 1700), agus a bhuíochas fós ar ghearrchuntas beathaisnéise le Nioclás Ó Cearnaigh (c. 1802–c. 1865) ina dhiaidh sin in ARÉ LS 23 N 33. Ina thuireamh in ómós dá charaid dar tús ‘A sheanchríoch Fáil, is gnách gach léan ort’, is mar seo a chuir Mac an Bheatha é: Seacht gcéad déag an ré a dheachtaím daoibh, is triocha ina dhiaidh an réim go beacht is trí, ó theacht Mhic Dé dár saoradh go ceart is trí mhí, go Pádraig a dhul a dh’éag, mo léan, san feart faoi liag. Is é ‘an feart’ a ainmnítear in áit eile sa tuireamh céanna ná Cill an Chreagáin in aice le baile Chrois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha. D’áitigh Nioclás Ó Cearnaigh gur cailleadh Mac a Liondain ‘in April 1733 in the 68th year of his age’, más fíor, rud a fhágfadh gur timpeall na bliana 1665 a rugadh é. | Type of material: | Book Chapter | Publisher: | Guildhall Press | Keywords: | Irish poetry; County Armagh | Language: | ga | Status of Item: | Not peer reviewed | Is part of: | Mac Cathmhaoil N., Nic Cathmhaoil M., Mac Seáin C. (eds.). Súgáin an dúchais: aistí ar thraidisiún liteartha Uladh |
Appears in Collections: | Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection |
Show full item record
Google ScholarTM
Check
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. For other possible restrictions on use please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.