Options
Cnósach luachmhar seanráite as lámhscríbhinn Feiritéar 1
Author(s)
Date Issued
2017
Date Available
2019-04-04T08:37:04Z
Abstract
Tá bailiúchán de naoi gcinn déag ar fhichid de lámhscríbhinní Gaeilge ar buanchoimeád inniu i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bailiúchán an Fheiritéaraigh a tugtar air seo, i gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, a chuaigh an cuan amach ar imirce go Meiriceá ar bord an Cephalonia i dtreo dheireadh Eanair 1895 agus a cailleadh i Chicago ar 21 Iúil 1924.1 Thug an Feiritéarach leis ó Éirinn a raibh ina sheilbh cheana féin de lámhscríbhinní aige agus chuir sé lena chnósach thall, ag leanúint leis de bheith ag breacadh téacsaí agus ag bailiú a thuilleadh eile fós ó imircigh éagsúla a thug lámhscríbhinní leo go dtí an Domhan Nua. Bhí sé socair aige sarar cailleadh é go mbronnfaí a chuid lámhscríbhinní ar Ollscoil na hÉireann mar chomhartha buíochais agus ómóis as cinneadh Sheanad na hOllscoile go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa Mháithreánach — stádas a tugadh di sa bhliain 1913. Tharla sé sin a bhuíochas ar Dhubhghlas de hÍde, Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua- Ghaeilge i gColáiste Bhaile Átha Cliath (1909–32), a chuir rún fé bhráid an tSeanaid á mholadh san. Bhí sé mar choinníoll ag fear Iarthar Duibhneach, dá réir, gurbh I gColáiste Bhaile Átha Cliath a bheadh a chuid lámhscríbhinní ar sábháil.
Type of Material
Journal Article
Publisher
UCD
Journal
Béaloideas - The Journal of the Folkore of Ireland Society
Volume
85
Start Page
62
End Page
121
Language
Irish
Status of Item
Peer reviewed
ISSN
0332-270X
This item is made available under a Creative Commons License
File(s)
Loading...
Name
Seanráite.pdf
Size
452.75 KB
Format
Adobe PDF
Checksum (MD5)
b2ce1801aff9bf9ffa3d92563a0ebba3
Owning collection