Options
Ní Úrdail, Meidhbhín
Preferred name
Ní Úrdail, Meidhbhín
Official Name
Ní Úrdail, Meidhbhín
Research Output
Now showing 1 - 10 of 43
- PublicationAnnála Inse Faithleann an ochtú céad déag agus cath Chluain TarbhCuid thábhachtach de shaothrú léann na Gaeilge san ochtú céad déag ab ea é abhar staire dúchais a theaglamú agus a thabhairt le chéile: ba chás leis an lucht léinn ag an am, idir scríbhneoirí agus léitheoirí, an staireagrafaíocht féin. Níorbh ionadh san, gan dabht, toisc ceist an aitheantais agus tuiscintí i leith an chultúir Ghaelaigh a bheith ag athrú de réir a chéile in Éirinn san am úd. Fairis sin, bhí tábhacht nach beag ag gluaiseacht na hársaíochta agus ag an athrú dá réir a chuaigh ar phátrúntacht na scríobhaithe dúchais Ghaeilge san ochtú céad déag. Bhí bonn leagtha cheana féin fé athinsint na staire sa tseachtú haois déag san Eoraip trí chéile, gan amhras, nuair a tháinig tuiscintí nua ar an stair agus ar an staireagrafaíocht. Cuimhnímid i gcás na hÉireann, mar shampla, ar an bhflosc chun taifeadta a thaispeáin Míchéal Ó Cléirigh agus a chomh-Phróinséiseánaigh idir na blianta 1632 agus 1636 gurbh é Annála Ríoghachta Éireann a thoradh san; nó fós ar Foras Feasa ar Éirinn Shéathrúin Chéitinn a mheas (fé mar a áitimh sé féin sa réamhrá ansúd) ‘ná’r bh’oircheas comhonóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d’ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra’.
2 - PublicationAn t-ár agus an t-ocras: a Clare scribe's response to the Great FamineMÍCHEÁL Ó RAGHALLAIGH, alias Michael O’Reilly, has come to be associated with Ennistymon in the northwest barony of Corcomroe, Co. Clare. Published accounts of him include a brief mention in an overview of the poets of that county published by T. F. O’Rahilly as well as those by Pádraig Ó Fiannachta and Eilís Ní Dheá. Pádraig de Brún has suggested that the ‘Michael Reilly’ employed as a teacher for the Clare district by the Irish Society in 1826 is perhaps the same as our scribe. In light of a colophon written in 1855 in which Ó Raghallaigh tells his reader that he was seventy years of age, he was born in 1785 or 1786. Moreover, according to a note by a fellow scribe, Domhnall Mac Consaidín (fl. c.1845–1876) of Kilnamona in the barony of Inchiquin, it appears that Ó Raghallaigh may have been a native of Co. Cavan and it would seem that he died in 1856. Indeed, if we are to believe what George Macnamara mentioned in passing in an article on the O’Davorens of Cahermacnaghten in northwest Clare, it was a particularly gruesome death, Ó Raghallaigh having been ‘poisoned by rat-poison, probably arsenic, accidentally put in a cake of which he partook, sometime in the early fifties of the last [i.e. nineteenth] century, and his books and MSS. were scattered to the four winds of heaven’.
178 - PublicationThe representation of the feminine: some evidence from Irish-language sourcesCúirt an Mheán Oíche by Brian Merriman is one of a number of poems which focuses on men's and women's expectations of marriage in Ireland during the long eighteenth century. This article discusses other examples which deal in particular with the physical and psychological imprisonment of women. It will emerge from some cases, moreover, that editions published during the first half of the last century of eighteenth- and nineteenth-century poetry in Irish are not always entirely reliable, and may reproduce but a garbled version of a scribal original.
178 - PublicationOidhreacht Na Lámhscríbhiní Gaeilge: Roinnt Seod i Leabharlann an Ruiséalaigh, Má NuadBhain mórán sruthanna le taighde an Mhoinsíneora Pádraig Ó Fiannachta (1927–2016) a choimeád muilte na scoláireachta acadúla ag meilt, ina measc a chuid taighde ar lámhscríbhinní na Gaeilge. Ní hamháin gur chreid sé gurbh iad seo tobar luachmhar ár n-oidhreachta náisiúnta, ach d’fhéadfadh scoláirí eile i ngort an Léinn Cheiltigh a bheith ag taoscadh as an tobar céanna a bhuíochas ar an obair thábhachtach chláraithe agus innéacsaithe a chuir sé i gcrích. Thug sé ‘an Ghaeltacht eile’ ar a bhfuil d’ábhar sna lámhscríbhinní agus ceataí mhór d’eagrú litríocht na Gaeilge trí chéile, dar leis, na lámhscríbhinní a bheith gan clárú: Lámhscríbhinní mar iad seo an Ghaeltacht eile atá againn agus cuid an-luachmhar dár n-oidhreacht iad. Creidim gur geall le hurrús ar ár n-oidhreacht liteartha clárú ár lámhscríbhinní. Ina theannta sin ní féidir dúinn eolas iomlán a chur ar an oidhreacht chéanna gan na foinsí féin a bheith ar a laghad cláraithe. Ba dheacair, ar ndóigh, lámhscríbhinn a dhul amú dá mbeadh clár di foilsithe — cé gur tharla a leithéid. (ÓFiannachta 1995a: 38).
192 - PublicationDán teagascach dar tús "A dhuine, cuimhnigh ar do chríochaibh déanacha"Tá fáil ar dhán teagascach dar tús ‘A dhuine, cuímhnigh ar do chríochaibh déidheancha’ in isteach is amach le cheithre scór lámhscríbhinn de chuid an ochtú agus an naoú céad déag. Tá, leis, ar a laghad dhá aistriúchán Bhéarla tagtha anuas ón tréimhse chéanna scripte. Is léir, mar sin, go raibh an-éileamh ar an dán féin i measc scríobhaithe in Éirinn san am úd. Chífear thíos gur i meadaracht an chaointe atá sé cumtha, ach má tá, ní roinntear é i strófa ceathairlíneacha tríd síos sna lámhscríbhinní: riaradh neamhstrófach atá le fáil i bhfoinsí áirithe, foinsí luatha áirithe ina measc, agus éagsúlacht iontu san i líon iomlán na línte (ó idir c.240 agus c.280 líne). Nuair a cloítear leis an bhfoirm cheathairlíneach, tá éagsúlacht le sonrú anseo chomh maith sna lámhscríbhinní maidir le líon na véarsaí, ach gur idir trí fichid agus deich is trí fichid véarsa an gnás a bheag nó a mhór.
195 - PublicationMáire Bhuí Ní Laoghaire: 'file an rilleadh cainte'Filíocht ó bhéal a chum Mháire Bhuí Ní Laoghaire (1774–ca 1849) i mblianta deiridh na hochtú haoise déag agus i gcéadleath na naoú haoise déag.1 Ní raibh léamh ná scríobh aici, is cosúil, agus ní haon ionadh é, mar sin, go ndírítear aird ar a cumas sa teangain agus ar bhua a cuid aithriseoireachta. Ba chuid dhílis den seanchas i Múscraí Máire Bhuí, is fíor. Thagair Amhlaoibh Ó Luínse al. ‘Fruí Chanaí’ (1872–1947) di, cuirim i gcás, sa tseanchas a bhailigh Seán Ó Cróinín uaidh ón mbliain 1943 go dtí an bhliain 1944.2 B’é teist a bhí ar Mháire Bhuí dar le Pádraig Ó Crualaoi al. ‘Gaedheal na nGaedheal’ (1861– 1949) ná go bhféadfadh sí leanúint den chumadóireacht nuair a theipfeadh na focail ar a lán daoine eile:
71 - PublicationSaothrú na Gaeilge san Eoraip: fianaise ón MeánaoisBhí litríocht na Gaeilge á saothrú riamh anall i gcomhthéacsanna éagsúla lasmuigh d’oileán na hÉireann. Ní fearr mar léiriú ar an méid sin ‘Seanmóin Cambrai’, ceann d’fhoinsí scríofa is luaithe na Sean-Ghaeilge Moiche (c.600–700) agus an téacs seanmóna is luaithe atá tagtha anuas chugainn. I gcathair Cambrai i dtuaisceart na Fraince atá sé seo ar coimeád inniu, i lámhscríbhinn meamraim san Bibliothèque Municipale (LS 679, fóiliónna 37r–38r), agus tháinig sé chun solais i gcéad uair I saothar iomriteach Johann Kaspar Zeuss Grammatica Celtica (1853). Bíodh is go bhfuil an téacs neamhiomlán, tá eolas an-luachmhar le fáil ann ar an tSean-Ghaeilge mar theanga scríofa. Maidir le bunaidhm an údair anaithnid, is é is dóichí ná gur chuir sé a théacs le chéile i gcomhair ócáid liotúirgeach éigin in ómós do mhairtírigh na hEaglaise. Cúig thagairt ón Tiomna Nua a leagann bonn tábhachtach na seanmóna féin: aon cheann amháin ó Shoiscéal Mhatha (‘Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé’, Mth. 16:24) agus ceithre thagairt ó eipistilí Phóil.
157 - PublicationLudwig Christian Stern, 'ollamh is seanchaidhe''(2013-03)In alt dar teideal ‘Why do Germans study Celtic Philology?’ a foilsíodh san iris léannta Studiesi Márta na bliana 1930, bhí an méid seo le háiteamh ag anúdar, Rudolf Thurneysen (1857-1940), mar gheall ar an Léann Ceilteach mar dhisciplín acadúil: ‘Among the avenues of approach to Celtic studies I would distinguish three, which may be termed the geographical - ethnological, the linguistic and the literary'.
108 - PublicationAn Triail le Mairéad Ní GhrádaIs minic ráite é gur bhliain thábhachtach í an bhliain 1939 i stair na nualitríochta Gaeilge. Labhair Breandán Ó Doibhlin ar “a new up surge of creative writing [which] coincided more or less with the outbreak of the Second World War”, mar shampla, agus tá sé ráite ag Seán Ó Tuama gur sa bhliain “sin a thosaigh forbairt na nualitríochta”. Is sa bhliain chéanna sin leis a athbhunaíodh an tOireachtas; tugadh thar n-ais do scríbhneoirí na Gaeilge an forum fé leith a bhíodh ann chun a saothar a chur os comhair a bpobal éisteachta agus a bpobal léitheoireachta. Agus is go fonnmhar a chuaigh scríbhneoirí Gaeilge i mbun pinn ag cumadh filíochta, ag saothrú próis agus ag forbairt na drámaíochta –ní gá dhom é seo a áiteamh oraibh-se, na múinteoirí, a bhíonn ag plé le mórán den abhar so in bhúr gcúrsaí meánscoile, idir chúrsaí sinsearacha agus chúrsaí sóisearacha.
1065 - PublicationPádraig Feiritéar (1856–1924): Scoláire Gaeilge sa Bhaile is i gCéinIs léir ar an taighde scolártha ar an imirce ó Éirinn go Nua Eabhrac atá curtha ar fáil ó na 1980aí ar aghaidh go raibh líon substaintiúil Éireannach lonnaithe sa chathair seo faoin dara leath den naoú céad déag.1 Tá eolas an-spéisiúil curtha ar fáil go háirithe ag an Ollamh Kenneth Nilsen, nach maireann, mar gheall ar chainteoirí a bhí liteartha sa Ghaeilge a luigh amach go gníomhach ar a dteanga dhúchais a chur chun cinn i gcathair Nua Eabhrac tar éis dóibh socrú síos inti. Tá fianaise áirithe ó thaifid luatha na hEaglaise Caitlicí i Nua Eabhrac ar úsáid na Gaeilge.
89